menu Baile chevron_right

Tulleadh Eolais


Cainte

Cláir cainte

Guthanna na nGael

rnl_admin | 30 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Clár faoin ghnáth-Ghael. Bíonn aoi nua i mbun comhrá le hEímear ar an gclár gach uile sheachtain, ag labhairt faoina dtaithí ag caitheamh a saol trí Ghaeilge.

Iarnóin

rnl_admin | 30 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Anailís agus cíoradh ar scéalta móra na seachtaine, beo gach Satharn idir 12:30 agus 13:30. Is clár cainte é Iarnóin ar a bpléann ár bpainéal scéalta móra náisiúnta agus idirnáisiúnta na seachtaine. Anuas ar an bplé bíonn agallaimh mhóra ann le polaiteoirí, tráchtairí, iriseoirí agus eile. Déan teagmháil leis an […]

Meabhairtháinte

rnl_admin | 30 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

An Bhliain 2020: Géarchéim na Meabharshláinte Ní beag na hathruithe atá tar éis teacht chun cinn i mbliana. Idir tuilleadh ama á gcaitheamh againn sa bhaile, i bhfad níos lú deiseanna againn bualadh lenár gcairde agus srianta nua á bhfógairt ag an rianta go mion minic. Is éasca a bheith […]

Cláir Choimisiúnaithe

rnl_admin | 27 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Tá líon mór clár coimisiúnaithe léirithe ag Raidió na Life thar na blianta le cúnamh maoinithe ón táille ceadúnas teililfíse trí chiste craolacháin Fuaim agus Fís, arna riaradh ag Coimisiún na Meán (Údarás Craolacháin na hÉireann roimhe). Ón mbliain 2005, tá na cláir seo a leanas léirithe ag Raidió na […]

An Spota Dubh

rnl_admin | 30 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Éist leis an Spota Dubh, Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais gach maidin Aoine. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt. cómhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine. Bíonn an clár ar fáil ar iTunes agus ar Soundcloud chomh maith. Raidió […]

Scéalta agus Béilte

rnl_admin | 30 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Ar an meán, itheann duine amháin os cionn 1000 béile in aghaidh na bliana – bíodh siad leo fhéin, i gcomhluadar cairde, agus ithe béilte beir leat nó sa mbaile le teaghlach. Tá an bia ag croílár an tsaoil agus baineann siad le scéal agus saol an duine agus an […]

Fios Feasa

fearghal | 27 Meán Fómhair 2022 close
keyboard_arrow_down

Irischlár Raidió na Life ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona chomh maith le tuairiscí ar na scéalta nuachta is mó a chuireann pobal na cathrach spéis ann. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann léiriúcháin, seol teachtaireacht chuig [email protected]. […]

Scoth na Seachtaine

rnl_admin | 30 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Gach seachtain tugann Emma Ní Chearúil sracfhéachaint siar ar a rogha agallaimh agus scéalta ó chláir chainte Raidió na Life. Bíonn an uile ghné le cloisteáil ar Scoth na Seachtaine, idir scéalta nuachta, gné-scéalta, agallaimh le daoine móra le rá, seisiúin bheo sa stiúideo agus a lán scéalta eile nach […]

Fada is Fairsing

rnl_admin | 27 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Is clár é Fada is Fairsing a tosaíodh ar Raidió na Life sa bhliain 2013 agus atá dírithe ar éispéiris daoine le Gaeilge fud fad na cruinne ó scéalta nuachta, go himeachtaí Gaeilge, agus scéalta pearsanta nó saoil daoine. Oibríonn Lisa Nic an Bhreithimh (sí/í) i gcúrsaí cumarsáide agus gníomhaíochta […]

An Bricfeasta Blasta

rnl_admin | 22 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Éist linne agus tú ag éirí ag maidin agus ar do bhealach chun na hoibre, chun na scoile nó chun na hollscoile. Bímid ag caint faoin méid atá sna nuachtáin agus faoi chúrsaí spóirt, bíonn moltaí againn daoibh don tráthnóna (moltaí teilifíse Dé Luain, oideas deas don Chéadaoin agus leideanna […]

Gan Teorainn

rnl_admin | 30 Bealtaine 2022 close
keyboard_arrow_down

Clár ceoil agus cainte atá curtha i láthair ag Meadhbh Ní Eadhra, buaiteoir gradam SMEDIAS don iriseoireacht raidió trí Ghaeilge. Tá an clár seo curtha ar fáil go flaithiúil ag ár gcairde in Flirt FM, stáisiún raidió pobail de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Ceol Leictreonach / Damhsa

Sorry, there is nothing for the moment.


  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play