menu Baile chevron_right
Nuacht

‘STÁISIÚN RAIDIÓ NA BLIANA’ buaite ag Raidió na Life arís ag Féile na Meán Ceilteach 2024!

Muiris Ó Fiannachta | 14 Meitheamh 2024

Tá gradam Stáisiún Raidió na Bliana buaite ag Raidió na Life ag Gradaim na Meán Ceilteach 2024 i gCaerdydd (Cardiff) na Breataine Bige, an dara huair le trí bliana anuas go bhfuil an gradam buaite ag an stáisiún.

Judy-Meg Ní Chinnéide agus Muiris Ó Fiannachta ag glacadh le gradam Stáisiún Raidió na Bliana do Raidió na Life ag Féile na Meán Ceilteach 2024 i gCaerdydd/Cardiff, ar an 6 Meitheamh 2024

Bhuaigh Raidió na Life an rannóg ina raibh sé san iomaíocht le 9 stáisiún eile i mbliana: 6 cinn de stáisiúin raidió an BBC: BBC Radio nan Gàidheal, BBC Radio Cymru, BBC Radio Scotland, BBC Radio Wales, BBC Raidió Uladh, BBC Radio Foyle; Radio Galega na Gailíse; mar aon lenár gcairde in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Fáilte.

Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life:

“Is cúis ollmhór áthais dúinn Stáisiún Raidió na Bliana a bhuachan ag Féile na Meán Ceilteach 2024 i gCaerdydd, go háirithe agus é ag teacht sna sála ar an ngradam a bheith buaite againn in Quimper na Briotáinne dhá bhliain ó shin, in 2022.

Agus muid san iomaíocht le stáisiúin mhóra agus acmhainní móra taobh thiar díobh, táimid dochreidte mórtasach faoi seo. Táimid chomh sásta sin gur aithin na moltóirí go bhfuil rud speisialta ar bun ag Raidió na Life – an fuinneamh, an éagsúlacht, an bheocht, an nuálaíocht, an spraoi agus an spiorad a bhaineann le stáisiún s’againne agus leis na cláir iontacha agus an rogha leathan ábhair a chraolaimid do phobal na Gaeilge, ní hamháin i mórcheantar Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuilimid le cloisteáil ar 106.4FM, ach ar fud na tíre is na cruinne ar www.raidionalife.ie.

Is aitheantas iontach é seo don obair chruthaitheach, fhuinniúil a dhéanann meitheal iontach craoltóirí deonacha Raidió na Life. Is ardú meanma agus ardmholadh atá ann freisin dár bhfoireann iontach a dhéanann míorúiltí beaga ina gcuid oibre gach lá, ag coinneáil an seó ar an mbóthar agus an stáisiún ar an aer. Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil níos mó baill foirne ag obair ar roinnt clár ar na stáisiúin eile a rabhamar san iomaíocht leo i mbliana ná mar atá ag obair i Raidió na Life ina iomláine, is gaisce atá á bhaint amach ag foireann Raidió na Life agus molaim iad go haer.”

Written by Muiris Ó Fiannachta





  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play