Truflais
Idir shuairc agus duairc. Idir rave agus séimh. Trialach traidisiúnta. Ní Truflais go dtí é. Conchúr Ó Faoláin agus/nó Caomhán Ó hÓgáin a chuireann i láthair. Éist siar: https://linktr.ee/Truflais
Idir shuairc agus duairc. Idir rave agus séimh. Trialach traidisiúnta. Ní Truflais go dtí é. Conchúr Ó Faoláin agus/nó Caomhán Ó hÓgáin a chuireann i láthair. Éist siar: https://linktr.ee/Truflais
Sraith meascaithe ó mhuintir BLINTA! (Baineann, Leispiach, Idir-ghnéas, Neamh-dhéanartha, Treas-ghnéasach, A-inscne). Is ardán é don phobal ar gach leibhéal, mór le rá nó úr ar an bhfód! Tá fáilte roimh mhuintir áitiúil agus idirnáisiúnta, agus fáilte roimh gach aon stíl chomh maith. Tá mixes faighte againn ó Yasmin Gardezi, MeltX, […]
SEACHAIN! Rithimí neamh-Ghaelacha ós do chomhair, le Cúán de Búrca (Tintreach Leictreach) agus James Shannon (Velvet Bán). Ceol chomh funcaí sin go bhfuil gearáin oifigúla faighte ag oifig Raidió na Life ina thaobh. Éist ar do phriacal féin…
Tiúnáil isteach le haghaidh uair a’ chloig de ghalántacht! Gach oíche Dhomhnaigh cloisfidh tú meascán stuif, ó hip hap, RnB, ceol damhsa agus leictreonaice go snagcheol go ceol Laidineach – gan teorainn leis an ré lena mbaineann. Tar ar thuras ó chroílár an cheoil sól, iomlán an bhealaigh chuig imeall […]
Gach Satharn, meán oíche go dtí a haon a chlog. Cuireann Sam Ó Guibhne an clár i láthair ag seinm ceoil leictreonaigh nach mbíonn le cloisteáil go minic sna clubanna nó ar an raidió. Is féidir leis an lucht éisteachta a bheith ag súil le ceol Íostempo, Dubstep, Teicneó, Ceol […]
Ag seinm meascán mearaí den cheol damhsa is nua-aimseartha dá bhfuil le cloisteáil. Ina theannta sin, ruathar rua siar bóithrín staire an damhsacheol chun cuairt a thabhairt ar Calypso féin, chomh maith le Caibre, Klaidhsmir, agus eile nach iad. Seó thar a bheith caol le leathan le neart nodanna stylisticallaí […]
Cloisfidh sibh ceol ar ardchaighdeán ar Brusanta Binn, ó eisiúintí úrnua ceoil tí go seoda dioscó, gach rian dírithe i gconaí ar an urlár rince. Léim isteach! Tá cáil ar Echo Tango as fuinneamh agus spiorad a chuid seónna, a chuireann sluaite fud fad na cathrach i mbun damhsa.
Bailiúchán de cheathrar DJs atá in DIP a chuireann gigeanna ar súil ar fud na cathrach. Bíonn fuinneamh leo agus bíonn ceol den scoth á chasadh acu, agus sin na rudaí is tábhachtaí. Bíonn meascán den cheol dioscó, damhsa agus leictreonach ar siúl acu de ghnáth, ach tá dúil acu […]
Clár Ard-Chaighdeáin le Ceol Agus Caint ó Chaomhán Agus Conchúr. Béim ar nua-cheol na hÉireann i measc go leor seánraí difriúla. Bíonn téamaí speisialta ann chomh maith: ó Bhananaí agus Rothair go Maggie Nelson agus Mark Fisher.
Cuireann an buíon ‘Pear’ – beirt DJ ó Bhaile Átha Cliath, Fionn Ó Fathaigh agus Naomhán Jio, an clár ‘Ar Chruth an Phiorra’ i láthair gach oíche Luain ag a 10 ar Raidió na Life. Sa bhreis ar a gcuid seiteanna féin a sheinm ar an gclár, tugann Fionn agus […]