Seán De Buitléir
Is as Muineachán ó dhúchas do Sheán agus tá sé ina chónaí I mBaile Átha Cliath lena bhean chéile, Deirdre, agus a bheirt iníon, Roisin agus Gráinne. Is as An Ghaeltacht (Gort an Choirce) athair Deirdre, agus téann siad ar saoire ann chomh minic agus is féidir leo. Is Oifigeach Cuntas agus Riaracháin é Seán, agus tá taithí aige ar leabhair chuntais a ullmhú agus ar dhualgais riaracháin eile a chomhlíonadh.
Tá suim mhór ag Seán i gcúrsaí Gaeilge. Téann sé go ciorcail chomhrá Gaeilge go minic chun bualadh lena chairde agus chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Baineann sé sult as a bheith ag obair i Raidió Na Life mar faigheann sé deis a scileanna cuntasaíochta a úsáid agus cumarsáid i nGaeilge a chleachtadh.