Sadhbh Devlin

Is scríbhneoir, a bhfuil gradam buaite aici dá bpictiúirleabhair, í Sadhbh Devlin. Tá céim aici sa Drámaíocht agus sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide agus d’oibrigh sí ar feadh seal fada le Comhluadar Teo. – eagraíocht a thug tacaíocht do thuismitheoirí a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge. Oibríonn sí ó am go chéile mar láithreoir, taighdeoir agus cúntóir léiriúcháin ar chláir theilifíse do TG4. Bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe le Leabharlanna Dhún Laoghaire Ráth an Dúin in 2019/2020 agus le DCU in 2022. Tá cónaí uirthi i gCo. Chill Mhantáin lena fear céile agus a hiníonacha.