Róisín Ní Mhaoláin
Is cruthaitheoir ábhar í Róisín Ní Mhaoláin ó Cheantar na nOileán i gConamara a bhfuil dúil mhór aici sa chraoltóireacht, sa cheol agus sa scéalaíocht. Chuir sí tús lena gairm sa raidió le Raidió na Life i 2019 agus ó shin i leith tá sí tar éis a bheith ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Newstalk, Galway Bay FM, agus RTÉ 2FM. In éineacht lena cairde, bíonn sí ina le cloisteáil ar Phodchraoladh na Gaelgals.
Chomh maith lena cuid oibre taobh thiar den mhicreafón, bíonn Róisín le feiceáil ar an scáileán mar Olivia Derrane sa sobaldráma Ros na Rún ar TG4.
Is breá le Róisín scannáin, agus is minic gur féidir greim a fháil uirthi sa phictiúrlann, ag breathnú ar na scannáin nua nó clasaicí ón sean-am. Ó thaobh an cheoil de, tá an-spéis aici sa cheol damhsa óna 90í agus 00í, in éineacht le neart seánraí eile. Freastalaíonn sí ar ghigeanna agus ar fhéilte go rialta, bíonn blaiseadh den cheol seo le cloisteáil ina clár raidió seachtainiúil An Meangadh Beag, a chraoltar gach Déardaoin ó 15:30 go 16:30.