menu Baile chevron_right

Muiris Ó Fiannachta

Bainisteoir Stáisiúin

Is as Cill Droichid i gCo. Chill Dara do Mhuiris agus tá cónaí air i Maigh Nuad lena bhean chéile Eleanor agus a gclann óg. Tá sé ina Bhainisteoir Stáisiúin ar Raidió na Life ó 2007. D’oibrigh sé roimhe sin mar Chlár-Reachtaire an stáisiúin agus d’oibrigh sé freisin le Rannóg na gClár Gaeilge, RTÉ agus leis na comhlachtaí léiriúcháin Animo Television agus Adare Productions. Is mar chraoltóir deonach a thosaigh Muiris i Raidió na Life agus é ina mhac léinn, nuair a chuir sé irischlár an stáisiúin Fios Feasa i láthair, mar aon le clár ceoil miotail, Scrios agus Ár. Tá B.A. Idirnáisiúnta sa Nua-Ghaeilge agus sa Spáinnis aige ó Ollscoil Mhá Nuad mar aon le Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Bronnadh Duais Uí Dhoibhlin air as na marcanna is airde a bhaint amach sa Dioplóma.

Tá tréimhsí caite aige mar léachtóir i gcúrsaí meán cumarsáide in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina bhall de Choiste Comhairleach Gaeilge Choimisiún na Meán agus fo-choiste Gaeilge Litearthacht sna Meáin, Éire (MLI). Chaith sé tréimhsí ar Bhord IMRAM, an fhéile litríochta Ghaeilge agus ar Choiste Comhordaithe CRAOL / Raidió Pobail na hÉireann.





  • play_circle_filled

    Raidió na Life
    Éist linn - Raidió na Life

play_arrow skip_previous skip_next volume_down
playlist_play