An Bricfeasta Blasta
Sceidealaithe ar
perm_contact_calendar | schedule | access_alarms |
Éist linne agus tú ag éirí ag maidin agus ar do bhealach chun na hoibre, chun na scoile nó chun na hollscoile.
Bímid ag caint faoin méid atá sna nuachtáin agus faoi chúrsaí spóirt, bíonn moltaí againn daoibh don tráthnóna (moltaí teilifíse Dé Luain, oideas deas don Chéadaoin agus leideanna faoi na rudaí is fearr le déanamh ag an deireadh seachtaine san áireamh) agus bíonn réimse leathan ábhar eile á bplé againn: aclaíocht, sláinte, cluichí ríomhaire, cúrsaí teicneolaíochta, cúrsaí faisin, cúrsaí áilleachta agus déanaimid cíoradh ar chrá croí na n-éisteoirí!
Leis, bíonn ceol den chéad scoth againn gach maidin le dea-spionn ort go moch ar maidin.
Is féidir leatsa páirt a ghlacadh sa chlár chomh maith – cuir téacs chuig 086 600 1064, cuir ríomhphost chuig [email protected] agus bain úsáid as #BricBlasta ar Twitter @raidionalife
Gradaim:
Bronnadh Gradam ar an gclár ag Gradaim CRAOL 2017 sa rannóg dírithe ar chláir chainte- leas an phobail.
Ainmníodh an Bricfeasta Blasta sa rannóg don irischlár is fearr ag Gradaim na Meán Ceilteach 2017. B’shin an chéad uair do chlár irise ón stáisiún ainmniúchán a bhaint amach sa rannóg sin!