Scéalta agus Béilte
Sceidealaithe ar
Ar an meán, itheann duine amháin os cionn 1000 béile in aghaidh na bliana – bíodh siad leo fhéin, i gcomhluadar cairde, agus ithe béilte beir leat nó sa mbaile le teaghlach.
Tá an bia ag croílár an tsaoil agus baineann siad le scéal agus saol an duine agus an phobail. Sa tsraith seo labhraíonn Doireann Breathnach le haíonna speisialta faoi na béilte is mó a d’fhág rian orthu, agus na scéalta a ghabhann leo.