Neuromantek
Sceidealaithe ar
D’fhás Raidió Neuromantek as an gclub leictreonach seachtainiúil a reachtáladh i dtithe tábhairne éagsúla thart timpeall ar Bhaile Átha Cliath ó mhí Eanair 2002 go dtí mí na Nollag 2003, go hiondúil thuas staighre sa Thomas House. Tar éis don chlub teacht chun deiridh, chuir an bheirt a bhunaigh an club,
Dee Harvey agus Paul Watts tús leis an gclár raidió. I ndiaidh tamaill sheas Mick, deartháir Dee, agus Krossie isteach mar láitheoirí ar an gclár. Ón am sin ar aghaidh bhí aidhm ag an gclár ceol a sheinm nach raibh le cloisteáil ar chláracha eile (nó ceol nach raibh sé de mhisneach acu a sheinm), ag súil go gcloisfeadh ár n-éisteoirí rud éigin a thaithneodh leo sa phróiseas.