Spotsholas Raidió na Life
Cuirfear tús le sraith nua raidió ar Raidió na Life Dé Luain seo chugainn ina dtabharfar an deis don lucht éisteachta ceangal a dhéanamh idir an saol laethúil agus na fuaimeanna a bhíonn le cloisteáil mórthimpeall orthu gach lá.
Mar chuid den tsraith Fuaimriain, atá léirithe ag Eoin Ó Fearghail, craolfar clibeanna fuaime ag amanna éagsúla i rith an lae.
Díreofar aird an éisteora ar thábhacht na gcéadfaí agus tá gaol láidir idir coincheap na sraithe agus méarlorg dhuine dar le Ó Fearghail. “Tógadh taifid ar roinnt fuaimeanna a chloiseann duine le linn gnáth lá mar amhábhar don togra” a deir sé, “agus is iarracht í gach clib 30 soicind chun rud éigin ar leith a léiriú faoin lá sin i saol an duine sin.”
Fuair an tsraith tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann, faoin scéim mhaoinithe craoltóireachta, Fuaim agus Fís.
Is fada an lá ónar thosaigh Eoin ag craoladh le Raidió na Life agus go h-iondúil bíonn sé le cloisteáil ar an gclár cúrsaí reatha, Tuairisc gach Máirt ar an stáisiún. Anois, ní bheidh a ghlór le cloisteáil an tráth seo, ach ina áit beidh fuaimeanna éagsúla, idir suntasach agus so-aitheanta sa tsraith éagsúil seo. Agus é ag labhairt faoin smaoineamh a thug an spreagadh dó, deir Ó Fearghail go bhfuil suim ar leith aige sna rudaí nach gcraolfar ar an raidió go h-iondúil ach a mbíonn lárnach i saol an duine, i ngan fhios dóibh go minic.
Beidh na clibeanna fuaime le cloisteáil i rith an lae ar Raidió na Life ón 5ú Iúil go dtí deireadh an tsamhraidh ag na hamanna seo a leanas: 14:30; 15:30; 16:30; 18:05 agus am éigin idir a 20:00 agus a 21:00.
Beidh na clibeanna uilig ar fáil ar an suiomh idirlíon www.fuaimrian.net tar éis a gcraoladh.

![]()



