Fáilte go suíomh idirlín Raidió na Life 106.4FM!

Tá súil againn go dtaitníonn raidionalife.ie libh. Cuardaigh na cláracha agus na láithreoirí is ansa leat, íoslódáil ár sceideal nó podchraoladh, éist linn beo nó léigh faoi stair an stáisiúin agus ár bhfealsúnacht chraoltóireachta. Is féidir freisin scaireanna sa stáisiún a cheannach, dul i dteagmháil linn, nó bheith mar oibrí deonach linn!

Spotsholas RnaL: Beo ón Phicnic Aibhléiseach!

An Phicnic Aibhléiseach nó an Phicnic Leictreach?  Cuma cén focal is ansa leat don leictreachas nó don aibhléis, beidh "buzz" faoi leith ag an bhféile eicléictiúil seo sa tSráidbhaile i gCo. Laoise an deireadh seachtaine seo.  Beidh pobal na Gaeilge in ann freastal ar Phuball Gaeilge don tríú bliain as a chéile agus Raidió na Life ag craoladh beo ó chroílár na féile don tríú uair i mbliana freisin.  Beidh sceideal gnóthach de Chaint Bheo ar bun sa Phuball i rith an deireadh seachtaine uilig agus an t-uafás imeachtaí á reachtáil ó mhaidin go hoíche ar feadh an trí lá.  Bígí ag éisteacht linn i gcomhair scoth an cheoil agus na n-agallamh ó leithéidí Maud in Cahoots, Dr. Leaves, The Dirty 9s agus tuilleadh nach iad le Traic Ó Braonáin agus cairde RnaL, beo ón Phuball Gaeilge Dé Aoine 8i.n – 9i.n  agus ó 7i.n go dtí 8i.n Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.  Má tá tú ag freastail ar an bhféile, déan cinnte go mbualann tú isteach chuig an Puball Gaeilge le "Dia dhuit" a rá linn!




 


Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh
Foras na Gaeilge